10 Márta 2011

Seirbhís Ghaeilge i Séipéal Naomh Seoirse

Séipéal Naomh Seoirse, Béal Feirste

Beidh an Canónach Gary Hastings i mbun Cheiliúradh na hEocairiste i Séipéal Naomh Seoirse, Béal Feirste ar an Domhnach 20 Márta ag 7i.n.. Beidh Éamonn Ó Faogáin agus Úna Ní Mhonacháin ag canadh le ceol tionlacain.

D’fháiltigh an tUrr Brian Stewart, reachtaire an pharóiste, roimh an tseirbhís seo, a bhí molta ag daoine ón bparóiste, ag rá: “Cuirim fáilte roimh an tseirbhís álainn in Eaglais Naomh Seoirse, áit ina bhfuil doras oscailte ann i gcroílár na cathrach, agus áit suaimhnis ann do mhuintir Bhéal Feirste. Le blianta anuas, tá tús curtha againn le traidisiúin nua sa cheol agus sa liotúirge. Tá clú orainn maidir leis an bhfáilte a chuirtear roimh gach éinne sa séipéal seo. D’fhéadfadh seirbhís Ghaeilge bheith mar chuid de thraidisiún úr againn. Beidh doras oscailte ann ar an 20 Márta agus fearadh na fáilte roimh chách”.

Tá séipéal Naomh Seoirse mar an séipéal is sine de chuid Eaglais na hÉireann i mBéal Feirste agus tá sé suite sa traidisiún ‘Uaseaglasta’ , le ardchaighdeán liotúirge agus ceoil ann.

Bhí sé mar an séipéal is túisce a chuir seirbhís d’Fhéile an Fhómhair ar siúl, a chuir ceadail cheoil ar siúl, a chuir seirbhísí Eocairiste ar fáil go luath ar maidin, a thosaigh léiriúcháin drámaíochta sa séipéal agus tá clú ar thraidisiún an cheoil sa séipéal ó ré an orgánaí cháiliúil Edward J Bunting (1871-1821), a bhí ina bhailitheoir clúiteach ceoil Ghaeilge, i leith.

I dtosach, shín fearann Naomh Seoirse ó Bhóthar na bhFál síos go dtí An Lagan agus ó Shráid Waring go Dún Mhuirígh agus tugadh “Curáideacht Shíoraí Uachtar na bhFál” air. Ina dhiaidh sin bhí an talamh roinnte i ndeich bparóiste, agus ghlac paróiste Naomh Eoin Baiste cúram Uachtar na bhFál chuige féin – fágadh séipéal Naomh Seoirse leis an teideal “Eaglais Pharóiste Naomh Seoirse, Béal Feirste” ó shin i leith.

Tá stair shuimiúil ag Séipéal Naomh Seoirse. Bhíodh oilithrigh ag fanacht sa séipéal nuair a bhí sé ró-chontúirteach dul trasna na réileáin láibe. I rith an Chomhlathais, bhain airm Chromail úsáid as an luaidhe ar an díon chun liathróidí muscaeid a dhéanamh. I 1798 cuireadh Henry Joy McCracken (Cumann na nÉireannach Aontaithe) a daoradh chun báis i Margadh an Arbhair (Cornmarket), i reilig an tséipéil.

Dúirt Dáithí Ó Maolchoille, Cathaoirleach, Cumann Gaelach na hEaglaise,

“Tugaimid gach cabhair agus tacaíocht don togra seo. Tá an-áthas orainn go mbeidh an tseirbhís seo ann agus tá súil againn go leanfaidh sé ar aghaidh. Táimid ann chun tacú leo anois agus amach anseo. Má tá suim ag aon ghrúpa eile seirbhís a eagrú, nó comhairle a fháil, ná bíodh leisce oraibhse dul i dteagmháil linn”.

Beidh seirbhísí eile á reáchtáil i nGaeilge in Eaglais na hÉireann do Lá Fhéile Pádraig:
féach www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com le tuilleadh eolais a fháil.
www.stgeorges.connor.anglican.org

No comments:

Post a Comment

Fáilte roimh thráchtais anseo.