03 Feabhra 2011

Caroline Nolan Ceaptha Mar Oifigeach Forbartha Gaeilge Ag Cumann Gaelach na hEaglaise


Tá an-áthas ar Cumann Gaelach na hEaglaise a fhógairt go bhfuil Caroline Nolan ceaptha mar Oifigeach Forbartha Gaeilge lánaimseartha ag an gCumann. Beidh aithne ag go leor daoine ar Charoline, arbh as Ceatharlach di ó dhúchas, de bharr a saothar i réimse na Gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann, agus ba í a bhunaigh an eagras tras-teorainn Gaelscolaíocht Éireann.

Is dlíodóir í Caroline le taithí náisiúnta agus idirnáisiúnta i réimse na gcearta daonna. Rinne sí céim Máistreachta i Reiteach Coimhlinte in Ollscoil Kent agus d’fhreastail sí ar Dioplóma Iarchéime i Staidéar Bíobalta agus i Léann na Diagachta, Coláiste na Tríonóide. Chaith sí seal sa Stáid Aontaithe ag freastal ar an gclár Leaders for Tomorrow in Ollscoil Harvard.

Tá taithí aici ag forbairt phobail i mBéal Feirste agus i nGaeltacht Mhúscraí. Bhí sí ina stiúrthóir ar Fhóram Eacnamaíochta Iarthar Bhéal Feirste agus ina dhiaidh sin chaith sí seal ina feidhmeannach le Bord Páirtíochta Iarthar Bhéal Feirste ag cothú naisc idir an lucht gnó agus an Rialtas agus an pobal ar an talamh.

Is í an t-éarlamh ar Dháimh Fuinnimh Acadamh Fódhla, an ollscoil scairte a bhunaigh Peadar Ó Riada i Múscraí, áít a bhfuil cónaí ar Caroline anois lena clann.

Beidh Caroline ag dul i mbun oibre forbartha i measc phobal agus eagrais na hEaglaise ar fud an oileáin ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn. Faoin teideal “I dTreo 2014: Ag Cothú na Gaeilge i bPobal Eaglais na hÉireann”, cinnteoidh an togra seo todhchaí an Chumainn agus muid ag druidim i dtreo chomóradh chéid an Chumainn sa bhliain 2014. Tá an togra seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.

D’fháiltigh Dáithí Ó Maolchoille, Cathaoirleach Chumann Gaelach na hEaglaise, roimh cheapachán Charoline Nolan, ag rá: “Fáiltím go mór roimh cheapachán Charoline Nolan mar Oifigeach Forbartha Gaeilge an Chumainn. Cuirfidh an ceapachán seo borradh faoinár n-iarrachtaí úsáid na teanga a leathnú i measc phobal na hEaglaise”.


EOLAS BREISE
Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun (1) meon na Sean-Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile, (2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais, (3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus (4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise.

Eagraíonn an Cumann seirbhísí rialta mar a leanas: An dara Domhnach gach mí (seachas Iúil agus Lúnasa) ar 8.30 am - an Chomaoineach Naofa i séipéal Choláiste Oideachais Eaglais na hÉireann, 96 Bóthar Ráth Maonais Uachtarach, Baile Átha Cliath 6; an ceathrú Domhnach gach mí (seachas Meitheamh, Iúil, Lúnasa agus Nollaig) ar 5 pm - an Chomaoineach Naofa in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8. Chomh maith leis sin, eagraítear Seirbhís Idirchreidmheach le linn Sheachtain na hAontachta Críostaí i mí Eanáir in Ardteampall Chríost. Eagraítear seirbhísí eile in áiteanna éagsúla ar fud na tíre ó am go ham – mar shampla, Lá Fhéile Pádraig, féilte. Tacaíonn Cumann Gaelach na hEaglaise le seirbhísí Gaeilge in Ardteampall Chríost ar ócáidí áirithe nuair a bhíonn Urnaí na Nóna á chanadh ag cór an Ardteampaill.
Suíomh gréasáin: www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com/


Teagmháil: Aonghus Dwane, Rúnaí Oinigh Teil 087 6232841
Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge Teil 085 1632772

No comments:

Post a Comment

Fáilte roimh thráchtais anseo.