22 Samhain 2010

Sonraí Poist: Oifigeach Forbartha Gaeilge

ROINNT SONRAÍ POIST

TEIDEAL AN Phoist: Oifigeach Forbartha Gaeilge

Freagrach do: Coiste Chumann Gaelach na hEaglaise

Próifíl an Phoist: Beidh an tOifigeach Forbartha Gaeilge freagrach go príomha as an Ghaeilge a chur chun cinn ag leibhéal pobail agus gnó in Eaglais na hÉireann agus as plean oibre trí bliana Chumann Gaelach na hEaglaise a chur i bhfeidhm.

Sonraí an Phoist: Is post lánaimseartha trí bliana é

Cáilíochtaí:

  • Ardchaighdeán Gaeilge idir scríofa agus labhartha, mar aon le tiomantas don teanga
  • Ardscileanna idirphearsanta agus cumarsáide
  • Ardscileanna ríomhaireachta
  • An cumas a bheith ag obair as do stuaim féin chomh maith le bheith mar bhall d’fhoireann
  • Tuiscint a léiriú ar thraidisiúin shainiúil Eaglais na hÉireann
  • Spás cuí oibre/oifige a bheith ar fáil sa bhaile

Príomhfhreagrachtaí

Freagrachtaí Straitéiseacha

  • Cláir Ghaeilge an Chumainn a chur i bhfeidhm mar a aontófar leis an Coiste

Freagrachtaí Oibríochtúla:

  • Measúnú, bainistíocht thionscadail agus monatóireacht leanúnach a dhéanamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn
  • Tuairiscí a ullmhú do mhaoinitheoirí
  • Imeachtaí/gníomhaíochtaí Gaeilge a reáchtáil agus cuidiú le grúpaí é sin a dhéanamh fosta
  • Teagmháil a choinneáil le agus comhoibriú le grúpaí áitiúla, daoine gnó agus le heagraíochtaí deonacha agus reachtúla maidir le cur chun cinn na Gaeilge

Freagrachtaí Airgeadais:

  • Buiséad na heagraíochta a bhainistiú ó mhí go mí de réir mar a aontaítear leis an Choiste agus tuairisciú a dhéanamh leis an mhaoinitheoir go príomha maidir le caiteachas/theacht isteach
  • Feidhmiú laistigh de bhuiséad socraithe
  • Foinsí eile maoinithe a aimsiú d’fhonn príomhchuspóirí na heagraíochta a chur chun cinn

Freagrachtaí cumarsáide:

  • Freastal ar chruinnithe de chuid an Choiste de réir mar is cuí
  • Tuairisciú don Choiste ar chuspóirí/phlean oibre an Chumainn a chur i bhfeidhm
  • Coinneáil i dteagmháil le réimse leathan páirtithe cuí maidir le ceisteanna a bhaineann leis an Ghaeilge sa phobal
  • Aidhmeanna agus cuspóirí an Chumainn a chur chun cinn trí fheachtas margaíochta
  • A bheith páirteach mar bhall den Chumann
Is fostóir comhionannais deise é Cumann Gaelach na hEaglaise.

No comments:

Post a Comment

Fáilte roimh thráchtais anseo.