16 Samhain 2010

Oifigeach Forbartha Gaeilge á earcú do Chumann Gaelach na hEaglaise

Tá an-áthas ar Cumann Gaelach na hEaglaise a fhógairt go bhfuil maoiniú ceadaithe ag Foras na Gaeilge le hOifigeach Forbartha Gaeilge lánaimseartha a fhostú don Chumann. Faoin teideal “I dTreo 2014: Ag Cothú na Gaeilge i bPobal Eaglais na hÉireann”, cinnteoidh an togra seo todhchaí an Chumainn agus muid ag druidim i dtreo chomóradh chéid an Chumainn sa bhliain 2014.

Conradh trí bliana atá i gceist. Táthar ag glacadh le hiarratais ar an bpost (trí ríomhphost chuig cge1914@gmail.com) go dtí an Chéadaoin 15 Nollaig, agus reáchtálfar agallaimh ar an 22 Nollaig.

Tá gach eolas ar fáil ar an suíomh gréasáin www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com nó trí ríomhphost a sheoladh chuig cge1914@gmail.com. Beidh an tOifigeach nua ag dul i mbun oibre forbartha i measc phobal agus eagrais na hEaglaise ar fud an oileáin ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn.

EOLAS BREISE

Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun (1) meon na Sean-Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile, (2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais, (3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus (4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise.

Eagraíonn an Cumann seirbhísí rialta mar a leanas: An dara Domhnach gach mí (seachas Iúil agus Lúnasa) ar 8.30 am - an Chomaoineach Naofa i séipéal Choláiste Oideachais Eaglais na hÉireann, 96 Bóthar Ráth Maonais Uachtarach, Baile Átha Cliath 6; an ceathrú Domhnach gach mí (seachas Meitheamh, Iúil, Lúnasa agus Nollaig) ar 5 pm - an Chomaoineach Naofa in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8. Chomh maith leis sin, eagraítear Seirbhís Idirchreidmheach le linn Sheachtain na hAontachta Críostaí i mí Eanáir in Ardteampall Chríost. Eagraítear seirbhísí eile in áiteanna éagsúla ar fud na tíre ó am go ham – mar shampla, Lá Fhéile Pádraig, féilte. Tacaíonn Cumann Gaelach na hEaglaise le seirbhísí Gaeilge in Ardteampall Chríost ar ócáidí áirithe nuair a bhíonn Urnaí na Nóna á chanadh ag cór an Ardteampaill.

Suíomh gréasáin: http://www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com/



No comments:

Post a Comment

Fáilte roimh thráchtais anseo.